Mo Scéal Féin

Dermot McLaughlin
Martin McKeown, Inpresspics.com

Dermot McLaughlin

Thosaigh mé ag obair go gairmiúil san earnáil seo sa bhliain 1986 agus ó shin i leith bhí postanna agam mar bhainisteoir sinsearach, mar cheannasaí agus mar phríomhfheidhmeannach. Sa bhliain 2014 bhunaigh mé fiontar comhairleoireachta de mo chuid féin - Creative Strategic Solutions. Tá mé ag cuartú leagan ealaíonta snasta den ainm sin, agus má tá moladh ar bith agat, abair liom le do thoil!

Bím ag obair le réimse an-leathan eagraíochtaí, comhlachtaí, tionscadal agus daoine aonaracha. An rud is mó a bhíonn siad ag cuartú ná comhairle, treo agus cuidiú ionas go dtig leo leas a bhaint as na deiseanna atá os a gcomhair amach, nó plé le cibé dúshlán atá rompu no cibé fadhbanna atá ag cur srianta orthu. Cuidím le daoine teacht ar an réiteach is fearr, an réiteach atá de dhith orthu; molaim do dhaoine feidhm agus leas a bhaint as bealaí nuálacha agus cruthaitheacha le rudaí a mheas, agus spreagaim daoine a ndícheall a dhéanamh le dearcadh agus léargas straitéiseach a ghlacadh.

Thig liom réimse leathan seirbhisí gairmiúla a chur ar fáil i nGaeilge, i mBéarla nó ar bhonn dhátheangach. Tá sé mar sprioc agam comhlacht comhairleoireachta a fhorbairt a bheas ag freastal ar éilimh phobal na Gaeilge anseo in Éirinn agus ar fud an tsaoil mhóir – tá súil agam go mbeidh tú liom!

Is duine gairmiúil, cumasach, réchúiseach mé agus tá saineolas agus taithí luachmhar agam ins an earnáil seo. Féach ar CV s’agamsa agus chífidh tú an ardchaighdeán oideachais agus cáilíochtaí atá bainte amach agam, agus chífidh tú a bhfuil bainte amach agam sna postanna a bhí agam ó 1986 anuas. Geallaim duit go ndéanfaidh mé sárobair duit, curtha i gcrích go tráthúil, laistigh den bhuiséad, iomlán cruinn agus ag freastal ar na riachtanais atá sonraithe agat.

Creidim go daingean gur féidir linn uilig feidhm a bhaint as bealaí cruthaitheacha le teacht ar na réitigh atá de dhiobháil orainn, mar dhaoine aonaracha, mar phobal, mar chomhlachtaí agus mar thionscadail.

Más mian leat dul i dteagmháil liom agus tasc nó conradh comhairleoireachta a phlé, scríobh chugam anseo nó cuir scairt orm, le do thoil.

Tá mé ar fáil agat i gcónai!

Saineolas sna réimsí seo leanas

  • Cultúr, na healaíona & an earnáil chruthaitheach
  • An earnáil phobail, deonach agus carthanach
  • Athnuachan cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch (tuaithe & cathrach)
  • Forbairt ghnó agus fiontar trí Ghaeilge

Obair dheonach

Le blianta fada anuas, tá baint agam le réimse leathan eagraíochtaí agus tionscadal, idir dheonach agus ghairmiúil, cuid acu a bhunaigh mé féin in eineacht le cairde, cuid eile acu a d’iarr orm cuidiú leo agus páirt a ghlacadh ina gcuid oibre. Is breá liom an ghné seo de mo shaol. Bím i gcónaí ag foghlaim rudaí úra, agus ardaíonn sé mo chroí nuair a thig liom theacht ar réiteach agus cuidiú le tionscnamh a bhfuil bá agam leis. Is saibhre mo shaol agus is doimhne mo dhearcadh ar an saol, dá bharr seo.

Cathaoirleach (2011-2018): Taisce Cheol Dúchais Éireann/Irish Traditional Music Archive www.itma.ie

Cathaoirleach (reatha): Coiste Roghnaithe TG4 Gradam Ceoil

Cathaoirleach (2007-2011): Dublin Dance Festival www.dublindancefestival.ie

Cathaoirleach (2007): Coiste Monatóireachta Ealaín na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon

Comhalta Boird (2006-2008): Irish Architecture Foundation www.architecturefoundation.ieCathaoirleach (2003-2006): Theatre Shop Limited/Irish Theatre Institute www.irishtheatreinstitute.com

Comhalta Boird (2003-2005): Rough Magic Theatre Company www.roughmagic.ie

Comhbhunaitheoir agus Comhalta Boird (1994 – ar lean): Scoil Cheoil Frankie Kennedy/Frankie Kennedy Winter School

Comhbhunaitheoir agus Comhalta Boird (1982 – ar lean): Cairdeas na bhFidléirí www.donegalfiddlemusic.ie